top of page

Nuacht

Aidan Quinn and Eleanor Shanley at Féile John Ford 2026.png

Aidan Quinn agus Eleanor Shanley le bheith páirteach i FÉILE JOHN FORD 2026

11 - 13 Meán Fómhair

Is mór le Féile John Ford a thabhairt le fios mbeidh an t-aisteoir Aidan Quinn agus an t-amhránaí Eleanor Shanley páirteach i bhFéile na bliana seo a bheas ar siúl ar an Spidéal 11 – 13 Meán Fómhair. Bheadh aithne ar Aidan as a chuid aisteoireachta sna scannáin Michael Collins, The Walsh Sisters, Legends of the Fall agus This is my Father. Tá aithne fhorleathan ar Eleanor as a cuid amhránaíochta i gcuideachta leithéidí Ronnie Drew agus Dé Danann. Ag oscailt na Féile ag 7pm ar an 11 Meán Fómhair, is é Quinn a chuirfidh an scannán The Quiet Man i láthair. Roimhe beidh ceol le cloisteáil ó Cheoltóirí Óga Chois Fharraige agus casfaidh Shanley cúpla amhrán, ina measc “The Isle of Innisfree” – amhrán an scannáin. Beidh Aidan Quinn páirteach freisin sa díospóireacht ‘AISTEAR’ a bheas ar bun ar an Satharn 12 Meán Fómhair ag 10.00. Déanfar plé ar an imirce as Cois Fharraige go Portland Maine. Léifear litreacha as IMIRCE, bailiúchán de chuid Ollscoil na Gaillimhe lena linn. Go deimhin tá bóithrín amháin sa gceantar céanna sin ar bhaist fear an phosta ‘Portland Road’ air as a raibh de litreacha ag teacht anall as siúd. Deir Aidan: “I am very happy to be able to support such a unique festival and be part of a programme that facilitates the screening of John Ford’s extraordinary films. Also, the local cultural elements of the programme are so important as I will be reading letters home from Cois Fharraige emigrants”. Deir Redmond Morris atá ar choiste Fhéile John Ford: “It is wonderful to have Aidan engage so deeply with the Féile and grateful that he is able to take time out from his Walsh Sisters filming. Eleanor is also a great addition and no stranger to An Spidéal”.

Ag ceiliúradh oidhreacht John Ford i gConamara

  • Instagram
  • Facebook

2026 Féile John Ford. Gach ceart ar cosaint.

COISTE NA FÉILE

Redmond Morris

Pat Comer

Tony Tracy

Steve Ó Cúláin 

Pádraic MacDiarmada

Teagmháil

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le

bottom of page