top of page
34A5E674-E0AA-43C2-8835-3C70CE2CAD35.PNG

Féile John Ford

An Spidéal, Co. na Gaillimhe

11-13 Meán Fómhair 2026

FAOIN bhFÉILE

TROTM IFI JF SINGLE GOOD.jpeg
TROTM IFI JF SINGLE GOOD.jpeg

Is féile ar leith í Féile John Ford ina ndéantar ceiliúradh ar shaol, ar oidhreacht agus ar ealaín an déantóra scannán cháiliúil a mba as ceantar an Spidéil i gConamara a shliocht. Ba áit é siúd a bhí domhain ina chuimhne i gcónaí agus go deimhin ba mhinic a chuairt ann.


I Portland Maine a rugadh John Martin Feeney in 1894. Glactar leis go bhfuil sé ar dhuine de na stiúrthóirí ba thábhachtaí agus ba mhó tionchair i Ré Órga Hollywood.
Chaith sé os cionn 50 bliain i mbun oibre. I gcaitheamh an ama sin ar fad, bhí spiorad agus íomhánna Iarthar na hÉireann le n-aithint ina shaothar. 


Sa dúiche chéanna sin anois, ar bhruach an Atlantaigh, déanann Féile John Ford ceiliúradh ní amháin ar a chuid scannánaíochta, ach freisin, ar an oidhreacht shaibhir chultúrtha a rinne múnlú ar an bhfís a bhí aige.

“I prefer the old masters, by that I mean, John Ford, John Ford and John Ford.”

- Orson Welles

Féile John ford

Clár

Cailin C 2.png

Dé hAoine 11 Meán Fómhair
11:00 r.n.

AN CAILÍN CIÚIN

2022 | 95 nóiméad

Stiúrtha ag Colm Bairéad

 

Scannán Oideachasúil le réamhrá agus plé

Is scannán corraitheach faoi pháiste atá ag teacht in aois é An Cailín Ciúin. Scrúdaítear téamaí an teallaigh: na faillí, an tráma agus an grá. Bunaithe ar an ngearrscéal ó 2010 le Claire Keegan, leanann sé cailín naoi mbliana d’aois, Cáit (Catherine Clinch), a chuirtear chun cónaí lena tuismitheoirí altrama ar feadh an tsamhraidh, áit a mbláthaíonn sí agus í timpeallaithe le grá. Is cloch mhíle chultúrtha agus saothar ar leith i scannánaíocht na hÉireann é an chéad scannán ó Cholm Bairéad. Bhuaigh sé ocht nduais ag Gradaim Scannán agus Teilifíse na hÉireann (IFTAs), lena n-áirítear an Scannán is Fearr agus an tAisteoir is Fearr do Catherine Clinch. Ba é iontráil na hÉireann don scannán idirnáisiúnta is fearr ag Gradaim an Acadaimh 2022, áit ar ainmníodh d’Oscar é i gcomhar le The Film Corner / Ollscoil na Gaillimhe.

Poster_-_Quiet_Man,_The_01.jpg

Dé hAoine 11 Meán Fómhair
7:00 i.n.

THE QUIET MAN

1952 | 129 nóiméad

Stiúrtha ag John Ford

Oscailt cheiliúrtha na féile le rannpháirtíocht ó Cheoltóirí Óga Chois Fharraige agus daoine eile

Tá "The Quiet Man" ar cheann de na scannáin is iomráití agus is cinniúnaí i scannánaíocht na hÉireann agus ar cheann de na cinn is ansa le lucht féachana i stair Hollywood. I scannán John Ford is ag John Wayne atá an phríomhpháirt - Seán Thornton, Gael-Mheiriceánach a fhilleann ar shráidbhaile Inisfree agus é de mhian aige teach cónaithe a mhuintire a fháil ar ais agus saol níos ciúine a lorg. Sa scannán dírítear ar an gcumann idir é agus an bhean óg spleodrach Mary Kate Danaher, páirt a thuill clú agus cáil do Maureen O’ Hara. Ar an tuiscint a bhí ar shaol na tuaithe in Éirinn ag an am, a cuireadh an scéal i láthair – imeachtaí na linne múnlaithe ag an sean-saol, agus ag mórtas cine. Bunaithe ar ghearrscéal de chuid an scríbhneora as Ciarraí Maurice Walsh, ba i gContaetha Mhaigh Eo agus na Gaillimhe a déanadh an scannánaíocht. I bpictiúrlanna ar fud an domhain, thug sin léargas don lucht féachana ar thírdhreach Iarthar na hÉireann. Bhuaigh The Quiet Man Gradam an Acadaimh don Stiúrthóir is Fearr (John Ford) agus don Cheamaraíocht is Fearr (Winton Hoch). Breis agus seachtó bliain ina dhiaidh sin, tá sé fós ar an léiriú is iomláine den tsamhail a bhí ag John Ford de thír a sinsear. Lena chois sin d’fhág áilleacht na gceantar inar déanadh an scannánú, mar aon le scéal an imircigh a d’fhill, a rian féin ar scannánaíocht na hÉireann agus ar an dearcadh a bhí ar an tír seo san earnáil sin. Oiriúnach do gach aois

Ticéid
Scéal (1).jpg

Dé Sathairn 12 Meán Fómhair
10:30 r.n.

AISTEAR: An Ceangal Gael-Mheiriceánach

120 nóiméad | Saor in Aisce

Cainteoirí : Cormac Ó Gráda, Breandán Mac Suibhne, Mary Concannon

Cathaoirleach : Mártan Ó Ciardha

Fágann an imirce go bhfuil caidreamh fadbhunaithe idir Portland, Maine agus Cois Fharraige. Fós fhéin tá níos mó i gceist ná an áit a saolaíodh é a bheith fágtha ina dhiaidh ag an eisimirceach. Tugann na cainteoirí seo guthanna ón dá thaobh den Atlantach chugainn agus iad ag díriú ar an gcaidreamh idir Portland, Maine, agus Cois Fharraige agus plé á dhéanamh ar an athnuachan leanúnach a bhaineann leis an gcaidreamh idir an dá áit. Bainfear úsáid as ábhar ó chartlann IMIRCE (Ollscoil na Gaillimhe).

Ticéid
MV5BMmEwN2JiZjktOGVmOS00MTQ2LTk3ZjYtNmIzZGM3NjBkMmM5XkEyXkFqcGc_._V1_FMjpg_UX1000_.jpg

Dé Sathairn 12 Meán Fómhair
1:00 i.n.

THE PLOUGH AND THE STARS

1936 | 72 nóiméad

 

Stiúrtha ag John Ford

 

Bunaithe ar an dráma le Seán O’Casey

 

Le plé ina dhiaidh sin leis an Ollamh Adrian Frazier.

Deich mbliana tar éis don dráma stáitse conspóideach círéibeacha a spreagadh san Amharclann Náisiúnta, rinne John Ford scannán de The Plough and the Stars. Tugann sin léiriú ar an eolas a bhí ag Ford ar fhoinsí liteartha na hÉireann le linn na 1930í agus an tsuim a bhí aige san easaontas polaitiúil agus sóisialta a bhí sa tír nua-aimseartha seo. Níor éirigh leis an scannán ar bhonn tráchtála ná criticiúla, áfach. Le Éirí Amach na Cásca 1916 a bhaineann an scannán. Tá sé dírithe ar Jack Clitheroe (Preston Foster), a bhean chéile Nóra (Barbara Stanwyck), The Covey (Barry Fitzgerald), agus an baicle corraithe a chónaigh ina dtimpeall sna tithe tionóntán. Insíonn sé mar a chuaigh an tÉirí Amach i bhfeidhm orthusan. Sa scannán, d’fhan Ford dílis go maith do fhoclaíocht an dráma agus do mhianach na gcarachtar, ach lig sé thairis an measúnú ar an bpoblachtachas agus an aoir nimhneach pholaitiúil a bhí ansiúd ag O’ Casey. Ba mhó béime a bhí aige ar dhaonnacht agus fhulaingt an phobail. Beidh plé faoin léiriú agus faoi chaidreamh John Ford le Amharclann na Mainistreach sna 1930í leis an Ollamh Adrian Frazier, údar Hollywood Irish: John Ford, Abbey Actors, and the Irish Revival in Hollywood (2011)] agus le cartlannaí Amharclann na Mainistreach, Mairéad Delaney.

Ticéid
Screenshot 2026-08-09 at 10.18.54 p.m..png

Dé Sathairn 12 Meán Fómhair
4:00 i.n.

THE QUIET MEN

60 nóiméad

 

Morgan C. Jones 

 

Leagan amharclainne dá sheó aon-fhir

 

Stiúrtha ag Conall Morrison

Is sárthaispeántas é The Quiet Men ina dtugann Morgan C Jones ómós dá dhaoine gaoil, na haisteoirí cáiliúla Barry Fitzgerald agus Arthur Shields. Thug an obair a rinne siadsan le John Ford aitheantas d’ Éirinn in Holywood. Baill den Amharclann Náisiúnta ab ea an bheirt. Ba phoblachtaigh iad freisin. Bhí Arthur in Ardoifig an Phoist Seachtain na Cásca 1916 agus déanadh é a imtheorannú i bhFrongach ina dhiaidh sin. Bhí Barry Fitzgerald agus Arthur Shields i measc na n-aisteoirí ba mhó a bhí luaite le Ford agus chuaigh siad i gcomhcheangal leis na carachtair ghnaíúla, chineálta a bhíodh ina chuid scannán. Scríofa agus léirithe ag Morgan C Jones agus stiúrtha ag Conall Morrison

Ticéid
The_Informer_(1935_window_card).jpg

Dé Sathairn 12 Meán Fómhair
7:00 i.n.

THE INFORMER

1935 | 91 nóiméad

 

Stiúrtha ag John Ford

 

Ón scéal le Liam Ó Flaithearta

Plé taréis an scannáin faoin ngaol a bhí idir Ford agus Liam Ó Flaithearta .

Is iar-oifigeach airm atá ar bheagán airgid agus ar mhaith leis Baile Átha Cliath a fhágáil é Gypo. Nuair nach mbíonn aon dul as ag a chailín ach dul ag plé leis an striapachas de bharr easpa airgid, socraíonn Gypo a chara a bhrath le húdaráis na Breataine ar mhaithe le luach saothair. D’éirigh thar cionn leis The Informer, agus thuill sé Gradam Acadaimh don Stiúrthóir is Fearr do Ford den chéad uair. Ba dá bharr sin a d’athraigh sé a threo ó na Westerns. Ba iadsan ba thúisce a thuill cáil dó. Théis sin thug sé faoi shaothair a bhí níos ealaíonta agus níos liteartha. Tá The Informer bunaithe ar an úrscéal cáiliúil a scríobh Liam Ó Flaithearta as Inis Mór, Árainn, agus a foilsíodh i 1925. Baineann sé le tréimhse an Chogadh Cathartha in Éirinn. Tá sé dírithe ar Gypo Nolan (Victor McLaglen), iar-bhall den IRA atá beo bocht agus a bhraitheann a chara ar mhaithe le luach saothair. Agus sin déanta aige, tá sé ciaptha ag an gciontacht agus ag an amhras. Scannán é nár caitheadh mórchuid airgid air agus tá tionchar Expressionism na Gearmáine le brath go mór air mar aon le scór ceoil nuálach. Tá cáil ar dhéine a mhothucháin agus a atmaisféir. I ndiaidh an scannáin, pléifidh baill de Chumann Liam agus Tómás Uí Fhlaithearta mórphointí an scannáin. Tacaithe ag Aran Island Ferries

Ticéid
MV5BMThmNjJkNTAtNjY3Mi00NzRlLWI0ZDUtNmZkYjdmM2ExMmRmXkEyXkFqcGc_._V1_FMjpg_UX1000_.jpg

Dé Domhnaigh 13 Meán Fómhair
1:30 i.n.

HANGMAN'S HOUSE

1928 | 71 nóiméad

 

Stiúrtha ag John Ford

 

Scannán Balbh le tionlacan ceoil ó Silent Cinema Galway

Seo scannán faoi shaighiúir tuarastail darbh ainm Hogan (Victor McLaglen), a d’imigh gan chead as Arm na Fraince san Ailgéir, le filleadh abhaile go hÉirinn. Tá sé meáite ar dhíoltas a bhaint amach ar John D’Arcy (Earle Foxe), a thréig deirfiúr dá chuid. Sula bhfilleann Hogan áfach, impíonn an Breitheamh O’Brien (Hobart Bosworth), atá ag fáil bháis, ar a iníon, Connaught (June Collyer), D’Arcy a phósadh, cé go bhfuil sise i ngrá le fear eile - marcach rásaí darbh ainm Dermot McDermot (Larry Kent). Géilleann Connaught go drogallach, díreach nuair a thagann Hogan faoi bhréagriocht. Tá an scannán bunaithe ar an úrscéal Gotach Éireannach Hangman’s House a scríobh Donn Byrne. Sárshampla den scannánaíocht bhalbh é agus tá sé freisin ar cheann de na scannáin ba thúisce inar thosaigh John Ford ag cur lena raon ealaíonta. Ag tabhairt droim láimhe do na Westerns, ghlac sé le hábhar níos dorcha agus níos uaillmhianaí sa léiriú saibhir atmaisféarach seo, rud a thug léargas ar na cúinsí staire, polaitíochta agus liteartha a bheadh lárnach ina chuid scannán ó na 1930í ar aghaidh.

Ticéid
Scéal.jpg

Dé Domhnaigh 13 Meán Fómhair
4:00 i.n.

SCÉAL: SCÉALTA NUA SCANNÁN

60 nóiméad​ | Saor in Aisce

 

I gcomhar le TG4 / Fís Éireann

 

Cathaoirleach: Aodh Ó Coileáin (Ollscoil na Gaillimhe)

Cé hiad na scéalaithe nua scáileáin? Cad iad na scéimeanna maoinithe atá ag tacú le scannánaíocht Ghaeilge? Seo deis scannáin ghearra nua a fheiceáil agus éisteacht le scannánóirí atá ag teacht chun cinn ag plé a gcuid modhanna agus a gcuid mianta. Cathaoirleach: Aodh Ó Coileáin (Ollscoil na Gaillimhe)

Ticéid
My Darling ClementineImage.jpeg

Dé Domhnaigh 13 Meán Fómhair
7:00 i.n.

MY DARLING CLEMENTINE

1946 | 97 mins

 

Stiúrtha ag John Ford


Léiriú ceolmhar réamh scannánaíochta le Galway Baytones.

Cé nár mhair sé an nóiméad féin, tá troid na ngunnaí a thit amach san ‘O.K. Corral’ in 1881 lárnach i stair Iarthar na Stát Aonaithe ó shin. Is é freisin croílár an scannáin seo de chuid Ford a spáineadh den chéad uair i 1946. Idir cur le chéile agus áilleacht a chuid radharcanna, meastar go bhfuil sé ar cheann de na cinn is fearr a rinne sé. Ní mórán eile a sháraigh Henry Fonda agus é i bpáirt Wyatt Earp, an marascal a bhí ag iarraidh an riail agus an reacht a chaomhnú i Tombstone Arizona, áit a mba í an ainriail a bhí i réim. Meastar freisin go mba é an léargas a thug Victor Mature ar an ngunnadóir agus ar an bpótaire, Doc Holliday, an pháirt ab fhearr a bhí aigeasan riamh. Tar éis don bheirt a bheith in árach a chéile ar dtús, ba in éineacht a thugadar faoin mbuíon fhíochmhar, an Clanton Gang. Faoin am a ndeachaigh Ford ag plé leis an ‘Wild West’ arís, bhí an obair mhór faisnéise a tháinig uaidh le linn an Dara Cogadh Domhanda déanta aige. Ach, bhí an cumas scéalaíochta ann i gcónaí, an liriceas amhairc agus an smacht ar mhothúcháin. Bhíodh Ford ag maíomh gur eachtraigh Wyatt Earp féin scéalta dó nuair a chasadar ar a cheile agus é ina fhear óg. Tá scéal an ‘ O.K. Corral’ insithe arís ó shin i go leor scannán eile, ina measc: Gunfight at the O.K.Corral (1957), Hour of the Gun (1967), Tombstone (1993), agus Wyatt Earp (1994).

Ticéid
IMG_9339.jpeg

Ócáid GhrianghrAfadóireachta

ÍOR NA SPÉIRE

Fuair Ford inspioráid iontach ealaíonta ó thírdhreach fhiáin chreagach Chois Fharraige agus ón mhuintir a mhair ann.

Iarraimid ar dhaltaí grianghraf a ghlacadh do rud /duine éigin a leiríonn nó a mheabharaíonn a dTeaghlach/Áit/Pobal dóibh.

Anuraidh, d’iarr muid ar dhaltaí scoile Chois Fharraige sceitse a tharraingt ar na radhairc a bhí le feiceáil trí dhoirse a dtithe féin – ‘sceitse fráma dorais’ bunaithe ar an bhfráma deireadh a bhí sa scannán, The Searchers. Is mian le Féile John Ford cothú a dhéanamh ar an gcruthaitheacht iontach seo agus i mbliana tugann muid cuireadh do na daltaí grianghraf a ghlacadh do rud /duine éigin a leiríonn nó a mheabharaíonn a dTeaghlach/Áit/Pobal dóibh. Ba chóir don tuismitheoir/caomhnóir grianghráf a sheoladh ar son an pháiste. 1. Brú ar an gcnaipe 'Seol Grianghraf' 2. Líon an fhoirm thíos 3. Seol an grianghraf tré ríomh phost chomh maith le ainm an pháiste agus teideal an ghrianghraf chuig fjfspeire@gmail.com Urraithe ag Creative Ireland

Seol Grianghraf
John Ford Workshop tile.png

Ceardlann do Scannánóirí Óga

CEARDLANN JOHN FORD

Seo ceardlann do dhaoine óga d’aois 15-17 áit a ndéanfar cíoradh ar scil na scéalaíochta físí ag glacadh inspioráid ó shaothar Ford.

 

D’fhill Ford go minic ar áitreamh a shinsir , áit a bhfuair sé inspioráid ón tírdhreach agus óna mhuintir féin agus é i mbun scannánaíochta.

Beidh an ócáid seo ar siúl ar an deiridh seachtaine roimh na Féile 5/6 Meán Fómhair. John Ford ag stiúradh Noel Purcell i The Rising Of the Moon Urraithe ag Coimisiún na Meán agus Fís Éireann/Screen Ireland

Cláraigh
IMG_2208.jpeg

Plé réamh scannánaíochta

FRANCIS (FEENEY) FORD 

Rugadh Francis ‘Frank’ Ford i 1881, deartháir níos sine le John Ford.

 

Ghlac sé páirt nó ról thacaíochta i go leor scannán de chuid Ford agus is mar sin is mó a bhfuil cuimhne air , ach bhí sé sár oilte freisin mar réalta scannán, stiúrthóir agus cheamaradóir go mór mhór le linn tréimhse na ‘mbalbhscannán’

Dúirt John Ford faoi ‘He was the only influence I ever had’.

Nuair a bhásaigh Francis i 1953, cupla bliain ‘théis páirt a ghlacadh sa ‘The Quiet Man ‘scríobh Ford faoi ... “Frank had an easy passing, and all his thoughts were about Ireland. His last hours all he could speak was Irish” Tá an áthas orainn fáilte a chur roimh garmhac Francis, Michael Ford, chuig An Spidéal do fhéile na bliana seo , déanfaidh Tony Tracy agallamh leis roimh thaispeáint an scannáin ‘The Hangmans House’.

Ticéid

An Spidéal, Co. na gaillimhe

Cá bhFuil Muid?

Tá baile gaelach an Spidéil, suite ar Chuan na Gaillimhe ag cur fáilte romhat chuig Gaeltacht Chonamara

LÁTHAIR NA FÉILE

Beidh na scannáin, na cainteanna agus an plé ar siúl i Halla Scoil Éinne H91 N9C9. Beidh taispeántas na féile ar siúl i Stiúideo Cuan, H91 FT67

Seirbhís Bus

Tiocfaidh busanna rialta as Cathair na Gaillimhe (Bealach 424) le linn deireadh seachtaine na féile

Ar an mbóthar

Tá Baile an Spidéil 18 km siar ó Chathair na Gaillimhe ar an R336

Íor na Spéire
Photo Competition

Fill in your details below along with your photo

Cláraigh le nuachtlitir Féile John Ford

Chun eolas a fháil ar fhógraí faoín gclár, ticéad a chur in áirithe agus nuacht na féile

what they're saying

Press & News

RTÉ CULTURE

August 2025

"Féile John Ford brings Hollywood's Irish heart back to Galway"

The annual celebration of director John Ford's Galway roots returns for another year of world-class cinema and culture in the heart of Connemara...

READ MORE

THE IRISH TIMES

September 2025

"An Spidéal festival honours the man who put Ireland on screen"

In the rugged beauty of Connemara, a festival keeps alive the memory of a Hollywood legend whose family came from these very shores...

READ MORE

THIS IS GALWAY

September 2025

"John Ford Festival: why An Spidéal is the perfect home"

With The Quiet Man turning 73, the village that inspired Ford's most beloved film rolls out the red carpet for another glorious weekend...

READ MORE

THE IRISH POST

July 2025

"Ireland's finest film festival returns to Co. Galway this September"

Féile John Ford has quietly become one of the most beloved events in the Irish cultural calendar, drawing film lovers from across Ireland and beyond...

READ MORE

Ag ceiliúradh oidhreacht John Ford i gConamara

  • Instagram
  • Facebook

2026 Féile John Ford. Gach ceart ar cosaint.

COISTE NA FÉILE

Redmond Morris

Pat Comer

Tony Tracy

Steve Ó Cúláin 

Pádraic MacDiarmada

Teagmháil

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le

Moments From the festival

gallery

bottom of page